Tá fear, 23 bliain d’aois, i mBéal Feirste cúisithe maidir le bac a chur ar adhlacadh cuí chorp mná. Tá gadaíocht agus calaois curtha ina leith chomh maith.

Fuarthas corp Marie Conlon, 68 bliain d’aois, an tseachtain seo caite ag a hárasán cónaithe in iarthar Bhéal Feirste. Fuarthas í ina leaba agus tá an PSNI den tuairim go raibh an corp théis a bheith ann le dhá bhliain sula dtángthas uirthi.

Beidh an fear os comhair cúirte i mBéal Feirste an mhí seo chugainn.

Tá scrúdaithe fós á ndéanamh féachaint leis an gcúis bháis a dheimhniú.

Deir a teaghlach gurbh í a ndeirfiúr ionúin í Marie Conlon agus gur méala mór a bás dóibh.