Is é ionad tástála tiomána Thrá Lí i gCiarraí an ceann is measa sa tír, a thuairiscítear inniu, maidir le liostaí feithimh agus é ráite go mbíonn daoine ag fanacht nach mór cúig mhí - nó naoi seachtaine déag - le dáta dá dtriail tiomána.

Is é contae Chorcaí an tarna contae is measa ó thaobh líon na ndaoine atá ag feitheamh le tástáil tiomána, agus 4,815 duine ag fanacht ansan. Tá Contae Chiarraí ar an gceathrú háit ar an liosta san agus 1,853 duine ag fanacht lena dtástáil tiomána.