Dúirt Cathal Groonell, stiúrthóir bainistíochta an chomhlachta Iasc Mara, i Ros a Mhíl, go léiríonn an ráiteas a rinne an PríomhAoire agus Aire Stáit na Gaeltachta, Joe Mc Hugh, inné chomh mífhéaráilte agus atá an cuóta ronnach sa tír seo á roinnt amach.

Tá beagnach 90% den chuóta seo dírithe ar na Cealla Beaga i nDún na nGall a deir sé.  Níl sé seo ceart na cóir mar go bhfuil ceantracha tuaithe eile á bhfágáil ar cúl ag cinneadh atá á dhéanamh ag an stát faoi roinnt an chuóta.

Caithfear an polasaí a athrú lena chinntiú go mbeidh sciar ceart den chuóta á fháil ag calafoirt iascaireachta ar fud na tíre agus nach in aon áit amháin sa tír a bheas an chuid is mó de.

Bhí an stiúrthóir i láthair ag comhchoiste Oireachtais níos túisce i mbliana le cás a dhéanamh go n-athrófaí polasaí na tíre seo ó thaobh an dáilte a dhéantar ar chuótaí éisc.