Dúirt Cathaoirleach Fhleadh Cheoil Chúige Chonnacht, Caomhán Ó Fátharta ar an gclár Adhmhaidin inniu go bhfuil sé an-dóchasach go n-éireoidh leo Fleadh Cheoil na hÉireann a thabhairt go Gaillimh sa mbliain 2020. 

Tá iarratas déanta cheana féin ag Cathair Chorcaí an comórtas náisiúnta a reáchtáil an bhliain sin.

Tá sé míshásta nár thug Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tacaíocht a gheall siad i dtús aimsire dóibh. Cúig mhíle dhéag euroa bhí geallta. Tá costas mór ag baint leis an bhFleadh Cheoil a reáchtáil agus dhá mhíle iomaitheoir páirteach sna comórtais.

Dúirt sé freisin nach bhfuil aon bhaint ag Fleadh Chonnacht le reáchtáil an chomórtais náisiúnta.

Meastar go dtabharfadh Fleadh Cheoil na hÉireann suas le leathmhilliún duine go cathair na Gaillimhe dá n-éireodh leis an iarratas atá á dhéanamh an fhéile a reáchtáil sa mbliain 2020.

Mí an Mhárta 2019 a bheas ann sula mbeidh a fhios ar éirigh le hiarratas na Gaillimhe.