Tá sé ráite ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil Iosrael ar tí tarraingt amach as UNESCO, áisíneacht cultúir agus oideachais na Náisiún Aontaithe. Tagann a ráiteas sna sála ar fhógra atá déanta ag na Stáit Aontaithe go bhfuil siadsan ag tarraingt amach as chomh maith.

Bhí na Stáit Aontaithe ana-cháinteach faoin dóigh a ndéantar UNESCO a reachtáil, a dúirt siad, agus dúirt siad chomh maith gur léir go bhfuil UNESCO claonta i gcoinne Iosrael.

Is buille trom é seo don eagraíocht, atá bunaithe i bPáras.

Cuireadh UNESCO ar bun sa mbliain 1946 agus tá obair mhór déanta acu ó thaobh áiteanna a rangú ina Láithreáin Oidhreachta don Chine Daonna, mar shampla cathair ársa Palmyra sa tSiria agus Sceilig Mhichíl i gContae Chiarraí.

Cuireann na Stáit Aontaithe $80m ar fáil go UNESCO in aghaidh na bliana. Beidh deireadh leis an maoiniú sin théis dos na Stáit Aontaithe a bheith imithe ón eagraíocht. Tarlóidh sé sin go hoifigiúil faoi dheireadh 2018.