Tá beirt chomhalta den Choiste Oireachtais ar an Ochtú Leasú ar an mBunreacht i mbun machnaimh maidir le héirí as ballraíocht ar an gcoiste. Deir siad nach bhfuil ann ach "bolscaireacht ar son ginmhillte".

Deir an Teachta Dala neamhspleách Mattie McGrath agus an Seanadóir Rónán Mullen go bhfuil an coiste claonta i bhfábhar ginmillte.

Deir siad go bhfuil duine amháin des na saineolaithe atá os comhair an choiste ón Ionad le hAghaidh Cearta Atáirgthe théis a bheith i mbun tiomsú airgid ar líne sna Stáit Aontaithe féachaint leis na dlíthe ar son na mbeo gan breith sa tír seo a athrú.

Deir siad go raibh níos mó ná fiche grúpa atá i bhfábhar ginmillte sa tír seo théis fianaise a thabhairt os comhair an choiste, ach nach bhfuair ach "dornán beag daoine" cuireadh chun labhairt i gcoinne ginmhillte.

Tá siad ag rá gur "atmaisféar mímhuinteartha" atá ann agus gur cuireadh i leith an Teachta Dála Mattie McGrath an tseachtain seo caite gur breagadóir a bhí ann.

Tá siad ag iarraidh go ndéanfaidh an Taoiseach idirghabháil lena chinntiú go dtabharfaidh cothrom na féinne go gach duine.