Tháinig na póíliní ar chorp mná in iarthar Bhéal Feirste Dé hAoine seo caite. Marie Conlon ab ainm don bhean.  Bhí a corp in árasán i Larkspur Rise.

Cuireadh in iúl do na póiliní an lá sin go raibh imní ann faoin bhean, 68 bliain d’aois. Nuair a bhris siad isteach san arásán tháinig siad ar chorp sa leaba. I ndiaidh scrúdaithe iarbháis, deir na póiliní go bhfuil amhras faoi bhás na mná.

I mí Eanáir 2015 a chonacthas Marie Conlon don uair dheireanach. Léiríonn an fhianaise gur fhéadfadh sé gur i dtrátha an ama sin a fuair sí bás.

Ghabh na póíliní fear 23 bliain d’aois in iarthar Bhéal Feirste inné maidir le roinnt coireanna – dúnmharú Marie Conlon ina measc. Tá sé go fóill á cheistiú ag na póiliní. Tá an PSNI ag lorg eolais ó dhuine ar bith a shíleann a thiocfadh cuidiú leo lena bhfiosrúchán.