Tá an chéad chlórith den stampa conspóideach ar a bhfuil íomhá de Che Guevara díolta amach. Rinneadh cáineadh géar ar an stampa ar na meáin shóisialta, ach deir An Post go raibh éileamh as cuimse air.

Eisíodh an stampa mar chomóradh ar bhás Che Guevara, a cuireadh chun báis caoga bliain ó shin i mbliana. Bhí costas €1 ar an stampa agus cuireadh ar díol é an tseachtain seo caite. Bhí 122,000 stampa sa gcéad chlórith agus tá sé díolta amach cheana.

Deir an Post go mbeidh orthu anois níos mó stampaí a chur ar fáil.

Rinneadh cáineadh ar chinneadh An Post an stampa a chur ar fáil mar, mar a dúirt iriseoir cáiliúil amháin ón bpobal Cúbach-Méiriceánach – Ninoska Perez – ba dhúnmharafóir é Che Guevara, dar le go leor daoine.