Tá a hachomharc caillte ag bean as an bPolainn i gcoinne an chiontaithe a fuair sí as fear ón Ungáir a dhúnmharú i 2013.

Thiomáin Marta Herda – atá tríocha bliain d’aois agus a raibh cónaí uirthi i bPáirc na Saile ar Bhóthar Emoclew ar an Inbhear Mór – a gluaisteán isteach in uisce domhain ag an gCé Theas ar an Inbhear Mór ar 26 Márta 2013.

Bhí Csaba Orsos, 31 bliain d’aois, sa ghluaisteán ag an am. D’éirigh le Marta Herda éalú ón ngluaisteán trí fhuinneog an tiománaí, ach bádh Csaba Orsos san eachtra.

Phléadáil sí neamhchiontach i ndúnmharú, ach fuarthas ciontach í. Gearradh príosún saoil uirthi i 2016.