Tá fear gafa ag na poilíní ó thuaidh mar chuid de fhiosrúchán dúnmharaithe théis do bhean bás a fháil i dtimpiste bóthair i gContae Fhear Manach.

Bhí an fear, daichead bliain d’aois, faoi choinneáil i nDroichead Mhig Uidhir sa gContae aréir.

Maraíodh Natasha Carruthers, a bhí sna fichidí, sa timpiste oíche dé Sathairn idir Doire Loinn agus Lios na Scéithe.

Gortaíodh bean eile agus fear eile  - a bhí beirt sna fichidí chomh maith – san eachtra chéanna.

Go gairid théis na timpiste, d’fhógair an PSNI go raibh fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun acu.