Níl ach 40% den luach a íoctar ar phrátaí á fháil ag feirmeoirí, a dúradh ag cruinniú na míosa seo de chraobh Dhún na nGall de Chumann na bhFeirmeoirí.

Dúirt William McMonagle, Cathaoirleach Choiste Prátaí an chumainn sa chontae, go bhfuil 80% de na prátaí sa chontae le baint go fóill, agus go bhfuil na feirmeoirí ag brath go mór ar an aimsir. Dúirt sé fosta go bhfuil fadhb le prátaí saora a bhfuil an craiceann bainte daofa, atá á gceannach ón Bhreatain.