Cuirfear bloc árasán do mhic léinn a tógadh in 2005 ar ceant i nGaillimh ar 10 lá de mhí na Samhna. Tá sé árasán déag sa bhloc agus tá sé lonnaithe ar Bhóthar an Phoirt i Leitir Ceanainn.

Tá árasáin le dhá, trí agus ceithre sheomra leapa sa bhloc árasán, atá cúig bhomaite siúil ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Tá go leor oibre le déanamh ar an bhfoirgneamh, atá chor a bheith 13,000 troith cearnach, agus ceithre stór ar airde, sular féidir úsáid a bhaint as. Is é €300,000 an treoirluach atá luaite leis an díolachán seo.