Is fiú €61m cuóta murlas na gCealla Beaga, a dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh. Beidh €61m as an €70m den chuóta murlas atá ag iascairí na hÉireann ag iascairí na gCealla Beaga, de réir an eolais a thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed, don Aire Stáit McHugh aréir.

Is deascéala é sin d’iascairí an iarthair agus an iarthuaiscirt, a dúirt sé, agus sé an cuóta don tír ar fad do 2018 ná 69,143 tonna, a dúirt sé. Beidh achan iarracht a déanamh cuóta níos mó a fháil, nuair a thiocfaidh deireadh leis na socraithe reatha ag deireadh 2018, a dúirt an tAire McHugh.

Deir an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallchóir, áfach, go bhfuil an tAire McHugh ag cur dallamullóg ar iascairí, mar gur laghdú atá ar an chuóta, agus gur drochscéal é d’iascairí na gCealla Beaga.

Tá laghdú de €17m – nó 20% - ar chuóta murlas na gCealla Beaga do 2018, a deir an Teachta Ó Gallachóir, agus deir sé gur ábhar mór imní an easpa tuisceana atá ag Príomh-Aoire an Rialtais ar chúrsaí iascaireachta.

"Léiríonn fógra an tAire Mara agus an Aire Stáit McHugh an easpa tuisceana atá ag an Rialtas ar earnáil na hiascaireachta", a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.

Beidh tionchar mór ag an laghdú cuóta seo ar iascairí san iarthuaisceart, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.