Maíonn Teachta Dála Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfuil lúb ar lár sna figiúirí a bhaineann leis an nGaeilge, leis an nGaeltacht agus leis na hOileáin a fógraíodh sa Bhuiséad inné.

D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Pascal Donohoe inné go dtiocfadh ardú €2.5 milliún ar an maoiniú a chuirfear ar fáil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin in 2018.

Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ, áfach, dúirt Éamon Ó Cuív nach ardú atá ann ar chor ar bith, ach laghdú.

"Táimse den tuairim gur lú an soláthar don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin don bhliain 2018 ná mar a chaithfear orthu faoi dheireadh 2017. Beidh sé seo soiléir nuair a fhoilseofar na meastúcháin athbhreithnithe ag deireadh na bliana [seo]."

Tá ráiteas lorgtha ag Nuacht RTÉ ar an Roinn Airgeadais maidir leis an méid atá ráite ag Éamon Ó Cuív.