D'éirigh leis an gcás cúirte a thug daoine áitiúla sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath le nach mbainfí leas as ionad ansin - a bhí ina halla pobail tráth - mar bhrú do dhaoine gan dídean. 

Thug daoine sa cheantar dúshlán chinneadh na comhairle cathrach Halla Charmain ar Shráid Phroinsias a oscailt mar ionad lóistín do dhaoine atá ag codladh amuigh faoin aer.

Tá 51 leaba sa bhrú atá á riar ag carthanais cosúil le Clann Shíomóin.