Tá sé ráite ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte go gcaithfidh Ospidéal Leitir Ceanainn athruithe a dhéanamh i dtaca le cúrsaí cógas leighis ansin.

Rinne an tÚdarás cigireacht gan choinne ar an ospidéal i mí Lúnasa tráth ar tháinig sé chun solais nach raibh Coiste Drugaí agus Teiripice ag feidhmiú san ospideal ag an am, agus go deimhin nach raibh sé ag feidhmiú ann le tamall fada.

Dúirt an tÚdarás nach raibh straitéis sábháilteachta maidir le cógais leighis i bhfeidhm agus nach raibh ceannaireacht ar bith ann maidir le dáileadh drugaí.

D'admhaigh údaráis an ospidéil nach raibh dáileadh cógas á thaifeadadh ach oiread. 

Dúirt siad go rabih athruithe curtha i bhfeidhm acu ó rinneadh an chigireacht i mí Lúnasa.