Dúirt urlabhraí caiteachais phoiblí agus athchóirithe Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh 'troid mhór' aige leis an Rialtas le hairgead breise a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad an lae inné. 

Ba é an Teachta Calleary a bhí i mbun idirbheartaíochta thar ceann Fhianna Fáil leis an Aire Airgeadais Paschal Donohoe agus an Buiséad á chur i dtoll a chéile. 

Mhaígh sé nach bhfuil sé sásta ar chor ar bith leis an €2.5 milliún breise a fógraíodh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht inné. Dúirt sé go raibh deis ag an Aire Stáit Gaeltachta beart a dhéanamh de réir briathair maidir le gnóthaí Gaeilge ach nár thapaigh sé an deis.

Ag labhairt dó le RTÉ Raidió na Gaeltachta inné, dúirt an tAire Donohoe go ndearna an tAire Stáit McHugh agus an Taoiseach Leo Varadkar araon cás láidir ar son na Gaeilge agus iad ag iarraidh air caiteachas don earnáil sin a ardú.

Dúirt Paschal Donohoe gur méid shuntasach is ea an tsuim atá curtha ar fáil don bhliain seo chugainn.

Tá sé ráite ag Conradh na Gaeilge, áfach, nach leor an €2.5 milliún breise ar chor ar bith.