Tá ar a laghad 58 duine maraithe agus breis is 500 duine gortaithe ag fear a scaoil urchair ag coirm cheoil i Las Vegas.

Tá Stephen Paddock, an té a rinne an sléacht, fear 64 bliain d'aois, tar éis lámh a chuir ina bhás féin.

Creideann póilíní gur de bhunú na háite é, agus nach raibh bainteach leis an ionsaí ach é.

Ag féile cheoil ceol-tíre a bhí daoine oíche Dé Domhnaigh, nuair a thosaigh an marú; meaisínghunna ag scaoileadh leis an slua ón 32ú urlár d’óstán.

Mhair an scaoileadh níos mó ná nóiméad sular chuir fear an ghunna den tsaol é fhéin.

Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath nach bhfuil aon tuairisc acu faoi Éireannach maraithe ná leonta.

Mharaigh fear a raibh gunna aige 49 duine anuraidh i gclub-oíche i Florida.