Beidh an comhlacht ESB Networks ag fógairt níos déanaí inniu, go bhfuil Baile an Daingin roghnaithe acu le beith ina bhaile trialach chun líonra leictreachais nuálaíoch a thástáil.

Tá sé i gceist ag an gcomhlacht cheithre mhilliún Euro a chaitheamh ar an dtogra, agus é i gceist acu painéil gréine, pointí luchtaithe do mhótair leictreacha agus nithe teicniúla eile a chur i bhfearas ar thithe áirithe sa bhaile, chun a léiriú conas mar a d'oibreoidh an líonra leictreachais sa todhchaí.

Beifear ag féachaint chomh maith, ar conas déileáil níos fearr le gearradh cumhachta le linn na drochaimsire.