Deir Comharchumann Thoraí i nDún na nGall go bhfuil siad dóchasach go gcuirfear seirbhís farantóireachta d’ardchaighdeán ar fáil don oileán ó mhí Aibreáin seo chugainn tar éis dóibh bualadh leis an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh i nGaoth Dobhair inniu.

Bhí imní léirithe ag muintir an oileáin faoi chaighdeán an bháid atá le cur ar fáil. 

I ndiaidh an chruinnithe inniu, d’fhógair an tAire Stáit McHugh go bhfuil oifigigh na Roinne le pleananna a fhorbairt chun bád farantóireachta sainiúil a sholáthar do Thoraigh agus chun tonnchosc a thógáil i Machaire Rabhartaigh. Costas €6.5 milliún atá luaite ag an Aire leis an dá thogra.

Dúirt Marjorie Uí Chearbhaill, bainisteoir an Chomharchumainn, gur thuig an tAire Stáit McHugh na fadhbanna a phléigh an toscaireacht leis.

Dúirt sí gur chuir siad in iúl dó nach mbeidís ag glacadh leis an mbád farantóireachta atá molta ach go bhfuil dóchas aici anois go mbeidh réiteach ar an scéal roimh mhí Aibreáin.

Dúirt an tAire McHugh gur éist sé go cúramach leis na ceisteanna a ardaíodh inniu agus gur mhian leis muintir Thoraí a chur ar a suaimhneas gur ar mhaithe leosan a bheas sé agus an plean nua á fhorbairt.