Tá diúltaithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (NUIG) do phlean go gcuirfí lóistín ar fáil do mhic léinn ar bháirsí i gCuan na Gaillimhe.

Deir Winters, an comhlacht maoine atá i mbun an phlean seo go gcuardóidh siad infheisteoirí príobháideacha anois le tabhairt faoi togra.  

Na báid 'Bibby Stolkholm' agus 'Bibby Bergin' atá á moladh ag Winters don togra.

222 seomra codlata atá ar 'Bibby Stolkholm' mar aon le bialanna, seomraí suite agus áiseanna fóilíochta.

180 seomra codlata atá ar 'Bibby Bergin'.

Dúirt Uachtarán Aontas na Mac Léinn i NUIG go bhfuiltear ar son na bpleananna go gcuirfear lóistín ar fáil do 400 mac léinn ar bháirsí ar bharr uisce i gcuan na Gaillimhe.  

Deir iarmhéara ar Ghaillimh, Frank Fahey, Fine Gael, nach bhfuil gá leis agus go mbeadh a leithéid contúirteach.