Dúirt 'Athenry for Apple' maraon le Teachta Dála i nGaillimh Thoir nach nglacann siad le tuairiscí go bhfuil an ollchomhlacht Apple le tarraingt siar óna bpleananna forbartha in aice le Baile Átha an Rí mar gheall ar mhoilleadóireacht an státchórais.

An suíomh atá luaite leis an bhforbairt i mBaile Átha an Rí


Ceadaíodh pleanáil d'ionad fáisnéise ar luach €850 milliún dhá bhliain ó shin, ach níor tiompaíodh fód fós mar gheall ar achomharc pleanála san Ardchúirt.

Nuair a ceadaíodh pleanáil do Apple ar suíomh foraoise 500 acra seo dhá bhliain ó shin, bhí súil go mbeadh ionad faisnéise ar luach €850m tógtha acu faoin tráth seo in aice le Baile Átha an Rí.

150 post lánaimseartha a bhí luaite leis. Rinneadh achomharc Ard-Chúirte i gcoinne na forbartha ar chúiseanna comhshaoil anuraidh.

Fógraíodh macasamhail na forbartha sa Danmhairg i 2015 freisin. Tuigtear go bhfuil an áis sin tógtha agus ag feidhmiú mar is cóir faoin tráth seo.  

Cuireadh rialú na hArd-Chúirte siar roinnt uaireanta i mbliana. Tuairiscítear gur dhúirt foinsí ón gcomhlacht Apple leis an áisíneacht nuachta Bloomberg, dá leanfadh an mhoilleadóireacht go gcuirfí an fhorbairt i mbaol.

Leis an mhótarbhealach nua an M17/18 á osclófar an mhí seo, beidh Baile Átha an Rí i gcroílár an bhonneagair náisiúnta idir Aerfort na Sionainne agus Bhaile Átha Cliath.

Níor theastaigh ó Apple ná ón Údarás Forbartha Tionscail ráiteas a dhéanamh faoin achomharc Ardchúirte.

Tá an t-achomharc i gcoinne fhorbairt Apple le bheith luaite roimh Chúirt Tráchtala na hArd-Chúirte aríst ar an 12ú den mhí seo chugainn.