Tá an 'Dream Dearg' ag iarraidh ar phobal na Gaeilge an brú a choinneáil ar pholaiteoirí Stormont maidir lena n-éilimh ar Acht Gaeilge don Tuaisceart.

Tá naoi mí anois ann ó thit institiúidí Stormont as a chéile agus reachtaíocht Gaeilge ag cothú bac mór ar dhul chun cinn sna comhráití chun an rialtas díláraithe ansin a athbhunú. 

Tá tacaíocht léirithe anois ag Comhaontas Glas, Páirtí na Comhghuaillíochta agus Pobal roimh Bhrabús d’Acht Gaeilge.

I gcuideachta an SDLP agus Shinn Féin, ciallaíonn sin go bhfuil 50 as an 90 feisire tionóil i bhfách Acht ar leith don teanga. Ó thús na bliana seo ghlac os cionn fiche mile duine seilbh ar shráideacha Bhéal Feirste, Iúir Cinn Trá agus Doire ag iarraidh reachtaíochta. Bhí cruinniú ag an 'Dream Dearg' aréir. 

Socraíodh brú poiblí a choinneáil ar na polaiteoirí ag iarraidh nach ndéanfar socrú polaitiúil gan Acht Gaeilge a bhaint amach. Dhearbhaigh an UUP agus an DUP aríst an tseachtain seo a ndearcadh nach bhfuil gá le hAcht Gaeilge.

Sammy Wilson, MLA DUP


Cuireann siad i leith Shinn Féin go bhfuil a n-éileamh ar reachtaíocht teanga  ag cur bac ar réiteach na mórfhadhbanna sa Tuaisceart i gcúrsaí cosúil le sláinte agus oideachas.

Tá Státrúnaí an Tuaiscirt James Brokenshire le ráiteas a dhéanamh  níos moille tráthnóna agus meastar go dtabharfaidh sé eolas faoi thús foirmeálta a chuir leis na cainteanna idir na páirithe agus an dá rialtas aríst agus b’fhéidir sprioc eile a leagaint síos do chlabhsúr na gcomhráití.