Tá aighneas ag borradh idir pholaiteoirí agus lucht feachtais feabhsaithe an bhóthair N59.

Dúirt ceannasaithe an fheachtas gnímh go bhfuil siad thar a bheith míshásta faoi chaint a rinne an Comhairleoir Contae, Tom Welby ag cruinniú de Chomhairleoirí Chonamara an tseachtain seo.

Dúirt an Comhairleoir Welby gur chreid sé go bhfuil uisce faoi thalamh ag baint le lucht an fheachtais agus nach é an bóthar an chloch is mó ar a bpáidrín acu.

Dúirt sé freisin go bhfuil caite go maslach le Comhairleoirí Chonamara agus le hionadaithe pobail eile ag Grúpa Gnímh bhóthar an N59 i gcuid den obair atá ar bun acu.

Tá an méid a dúirt an Comhairleoir Welby séanta go láidir ag ceannasaithe an Ghrúpa Gnímh, Seosamh Ó Cuaig agus Josie Conneely i ráiteas a thug siad d'RTÉ Raidió na Gaeltachta.