Beidh cruinniú éigeandála ag feirmeoirí anocht in Inis Eoghain le plé a dhéanamh ar na pacáistí cúitimh atá ar fáil anois d'fheirmeoirí a ndearna tuillte damáiste dá gcuid feirmeacha.  

D'fhógair an tAire Stáit Joe Mc Hugh na pacáistí cúitimh d'fheirmeoirí tráthnóna inné.  

Tá go dtí'n 29ú de Mheán Fómhair ag na feirmeoirí iarratais a dhéanamh faoin scéim.  

Dúirt Cathaoirleach Bhrainse Dhún na nGall de Chumann na bhfeirmeoirí, Michael Chance, go bhfuil sé tábhachtach do na feirmeoirí uilig atá ag lorg cúitimh freastal ar an chruinniú anocht.

Is in óstán an Gateway in Inis Eoghan a thionólfar an cruinniú anocht.