Tá sé dearbhaithe ag Banc Aontas Éireann, an AIB do RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil na cáipéisí a chuaigh amú ag deireadh na míosa seo caite, faighte.

Tugadh le fios do Nuacht RTÉ RnaG gur tugadh an mála a raibh dindiúirí 550 cuistiméir de chuid an bhainc ann ar lámh do ghnó sa chathair agus nár thug úinéir an ghnó luach na gcáipéisí faoi ndeara go dtí gur chuala sé an scéal lar an raidió an tseachtain seo.

Thug sé na caipéisí ar ais do Bhanc Aontais Éireann i gCathair na Gaillimhe. 

I ráiteas eisithe ag an mbanc, deir siad gur ghlaoigh an fear gnó orthu De Máirt le h-insint dóibh go raibh na cáipéisí ina sheilbh aige agus gur thug sé ar lámh don mbanc iad inné. tuigtear go bhfuil iomlán na gcáipéisí a bhí ar iarraidh ar ais i seilbh an bhainc. 

Tá an Choimisinéir Cosanta Sonraí curtha ar an eolas faoin eachtra agus cuireadh tús inné leis an próiseas custaiméirí a chur ar an eolas freisin.