Beidh an chéad seisiún éisteachtaí phoiblí faoin loscadh a tharla in árásáin Grenfell in iarthar Londain sa Meitheamh seo caite ar bun inniu.

Maraíodh níos mó ná 80 duine nuair a chuaigh an túr árasáin, 24 stór ar airde agus a tógadh sa bhliain 1974 in iarthar chathair Londain tré thine ar an 14ú Meitheamh i mbliana.

Sí Príomhaire na Breataine, Theresa May a bhunaigh Fiosrúchán Grenfell tráth a raibh cáineadh go leor á dhéanamh uirthi mar gheall ar an gcaoi ar láimhseáil sí an tragóid.

Faoi Chathaoirleacht Martin Moore-Bic a bheidh na h-éisteachtaí sa bhfiosrúchán agus é de dhualgas ar freagraí a fháil ar conas ar tharla an tine is measa ón Dara Cogadh Domhanda i leith. 

Ceaptar go ndéanfaidh Moore-Bic óráid oscailte an fhiosrúcháin inniu agus go gcuirfear na héisteachtaí ar athló.