Tá clár nua fiontraíochta dírithe ar mhná in iarthar na tíre seolta ag Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. 

Iarracht is ea é seo, a deirtear, chun líon na bhfiontraithe mná a mhéadú. Is fir iad 63% d'fhiontraithe na tíre. 

Cuirfear comhairle ar mhná a bhfuil fiontar díreach tosaithe acu agus ar mhná atá i mbun fiontair le roinnt blianta cheana féin.

Tá Chanelle McCoy ó Chanelle Pharmaceuticals ag tacú leis an togra.