Tá Fianna Fáil ag moladh go dtósófaí ag múineadh teangacha eile - seachas Gaeilge agus Béarla - i réamhscoileanna.

Dúirt urlabhraí oideachais an pháirtí Thomas Byrne gur cheart go mbeadh teanga idirnáisiúnta ina hábhar éigeantach san Ardteistiméireacht. 

Dúirt sé freisin go gcuirfeadh Fianna Fáil leithéidí Rúisis, Portaingéilis agus Mandairínis ar an gcuraclam.