Tá baol ann anois go dtabharfar airgead a cuireadh ar fáil le caoi a chur ar thrí ché i gConamara ar ais don Státchiste mar nach mbeifear ábalta an obair a dhéanamh. 

Tuigtear nach bhfuil dóthain innealtóirí ag Comhairle Contae na Gaillimhe leis na socruithe agus na pleananna a leagan amach don obair ar ché an tSáilín sa Droim i Leitir Móir, ar ché na hAirde Thoir i gCarna ná ar ché Chloch na Rón.

Dúirt an Comhairleoir Seosamh Ó Cualáin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil an scéal seo náireach agus gurb é an dara huair é a raibh airgead curtha ar fáil do ché na hAirde Thoir agus curtha ar an méar fhada.  

Dúirt sé gur údar mór cantail é go gcaithfear an t-airgead a bhí faighte ó rannóg stáit a thabhairt ar ais.