Dúirt stiúrthóir Chumann na dTiarnaí Talún Fintan McNamara go bhféadfadh suas le 2,000 áit chónaithe bhreise a bheith ar fáil má leasaítear na rialacháin maidir le hárasáin aon seomra.

Sa chineál seo lóistín, bíonn ar dhaoine seomra folctha a roinnt le dreamanna eile.

Tuigtear go bhfuil an Rialtas ag déanamh a marana ar árasáin aon seomra a cheadú arís. Cuireadh cosc air ceithre bliana ó shin. 

Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin go raibh mí-ionracas ag baint leis an moladh.

Dúirt Eoin Ó Broin gur teaghlaigh agus daoine aonaracha atá ag sracadh leis an mbeagán a bheadh sáinnithe go ceann i bhfad sa chineál seo lóistín.