Léiríodh imní aréir ag cruinniú an fhóraim ghnímh a d'eagraigh Conradh na Gaeilge i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall nach mbeidh rath ar phlean teanga an cheantair atá le seoladh ag an Aire Stáit Joe McHugh an tseachtain seo chugainn.

Údar imní is ea an laghdú atá déanta ar mhaoiniú an phlean, a dúradh ag an gcruinniú.  

Tuairiscíodh aréir gur lorgaíodh €136,000 leis an bplean a chur i bhfeidhm i gceart ach nach mbeidh ar fáil anois ach €100,000. 

30 duine a bhí i láthair ag cruinniú na hoíche aréir. Bhí Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer ann, chomh maith le triúr ionadaithe poiblí ó Shinn Féin -  na Teachtaí Dála Peadar Tóibín agus Pearse Doherty, agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí ó Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair gur léirigh an taighde a rinneadh nuair a bhí an plean teanga á réiteach gurb é an Béarla teanga dhúchais an tríú cuid de phobal Ghaoth Dobhair agus go bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail sa cheantar i mbaol.

Thug sé le fios nach raibh sé sásúil gur naoi mí ó shin a cuireadh an plean teanga i dtoll a chéile ach gur seachtain roimh an seoladh a cuireadh in iúl nach mbeadh an maoiniú cuí ar fáil.