Tá Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann tar éis an Rialtas a ghearán leis an gCoimisiún Eorpach maidir le 97 tine sléibhe a lasadh go mídhleathach níos luaithe i mbliana, roinnt mhaith acu i gceantair Ghaeltachta.

Tinte sléibhe a lasadh idir 24 Márta agus 22 Bealtaine atá i gceist. 

Deir an tIontaobhas go bhfuil an Rialtas ag loiceadh ar a ndualgas faoi na treoracha maidir le héin agus gnáthóga agus nach bhfuil aon ní á dhéanamh acu chun dul i ngleic leis na tinte seo.

Deir siad go bhfuil fiadhúlra dúchasach na tíre i mbaol mar gheall ar mhí-éifeacht an Rialtais.

I gCo Chiarraí, tá tine a lasadh i mBaile Reo i bParóiste Mórdhach ar 24 Márta, ceann i bhFán i bparóiste Fionntrá ar 26 Márta, agus ceann eile i Lios Póil ag deireadh Aibreáin i measc na dtinte atá i gceist. 

Tá an tine a rinne léirscrios i gcomharsanacht Ghuagán Barra i gCo Chorcaí i mí Aibreáin ina measc chomh maith.

San iarthar, tá naoi dtine sléibhe a lasadh i gConamara luaite san aighneacht oifigiúil atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann.