Eagraíodh lá pleanála teanga d'iar-bhunscoileanna Oileáin Árann i Leitir Mór i gConamara inniu, mar chuid den ullmhúchán atá ar bun plean teanga a chur le chéile do na hoileáin.  

Ar pháirc an Mháimín agus in Ionad Naomh Anna a bhí na himeachtaí ar bun inniu. 

Tháinig scoláírí ón trí mheánscoil ar na hoileáin, atá faoi chúram Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin le chéile, le cúrsaí teanga a phlé. Pléadh torthaí na gceistneoirí teanga a bhí curtha amach ar na hoileáin.  

Dúirt príomhoide Choláiste Naomh Éinne in Inis Mór Micheál Ó Cualáin go gcreideann sé gur deacair pleanáil teanga a chur ina luí ar dhaoine óga mura bhfuil baint mhór acu féin leis.