Cuireadh an t-amhránaí traidisiúnta mór le rá Josie Sheáin Jeaic Mac Donnacha i gcré na cille i gConamara inniu. Bhásaigh sé Dé Sathairn seo caite in aois a cheithre bliana déag agus trí scór. 

I Seipéal Mhuire i gCarna a bhí an tAifreann éagnairce ar maidin. 

Tháinig na céadta dá chairde, a chomharsana agus a dhaoine muinteartha le chéile le slán a fhágáil leis an bhfonnadóir agus fear farraige iomráiteach. Cuireadh i reilig Mhaírois ina dhiaidh sin é.

Josie Sheáin Jeaic Mac Donnacha

Bhi cáil fhorleathan ar Josie Sheáin Jeaic. Thug sé Corn Uí Riada leis ag Oireachtas na Gaeilge trí huaire, agus ba mhinic é le feiceáil ag moltóireacht ar chomórtais sean-nóis freisin.

Rinneadh taifead ar neart dá chuid amhrán agus bhí tóir air in Éirinn agus thar lear as a chuid amhránaíochta.

Bhí cáil freisin air mar fhear sheanchais agus mar staraí áitiúil. Iascaire agus gliomadóir a bhí ann chomh maith.