Deir Údarás na Gaeltachta  gur beag úsáid a d'fheadfaí a bhaint as an ngréasán snáthoptaice MAN a cuireadh isteach ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair sa bhliain 2004.

Duirt Urlabhraí on Údarás nach bhfeadfaí úsáid cheart  a bhaint as an tseirbhís  go dtí an bhliain 2011 nuair a cuireadh  seirbhís leathanbhanda ardluais ar fáil sa cheantar.

Bhí an tÚdarás ag tabhairt freagra ar an méid a dúirt Cormac Ó Murchú, saineolaí i gcúrsaí cumarsáide agus teicneolaíochta De hAoine seo caite ar RTÉ Raidió na Gaeltacta.

Dúirt an tUasal Ó Murchú ar Adhmhaidin gur tógadh fáinne snáthoptaice thart ar pháirc ghnó Ghaoth Dobhair thart ar15 bhliana déag ó shin ach nach raibh aon úsáid á baint as.

Gréasán do Cheantar Uirbeach é an MAN, agus tá ceann Gaoth Dobhair á bhainistiú ag Enet ar chonradh ón Roinn Cumarsáide.