Maraíodh beirt ar a laghad i gcrith talún a tharla amach ó chósta Mheicsiceo.

Bhí an crith a raibh neart 8.1 ar an scála Richter leis, le n-aireachtaíl i gcathair Mheicsiceo 155 ciliméadar ar shiúl. Ceaptar go raibh an crith 33 ciliméadar faoi thalamh. 

Tá fógra tsunami eisithe d'ocht gcinn de thíortha i Meiriceá Láir - Meicsiceó, Guatemala, an tSalvadóir, Cóta Ríce, Nicearagua, Panama agus Hondúras.

Tá maidhmeanna os cionn méadar ar airde ag bualadh Mheicsiceo faoi láthair.