Fuair Jamie Hodson 35 bliain d'aois bás de bharr timpiste ag comórtas rásaí gluaisrothar Grand Prix Uladh. Tharla an tionóisc i gCo Aontroma.  

Tá beirt eile go dona tinn san ospidéal i ndiaidh gortuithe a bhain dóibh agus na gluaisrothaithe ag cleachtadh níos luaithe an tseachtain seo. 

Gortaíodh deartháir Jamie Hodson sa timpiste freisin ach tuairiscítear nach bhfuil sé gortaithe go holc.