Tá an Rialtas cáinte ag coiste na Náisiún Aontaithe mar nach bhfuil moltaí an choiste curtha i bhfeidhm acu maidir le líomhaintí faoi dhrochíde a deirtear a tugadh do mhná in ionaid Mhaigdiléana sa tír seo.

Deir lucht an choiste nach bhfuil na líomhaintí fiosraithe i gceart faoi mar a mhol siad agus nach bhfuil aon duine cúisithe i ndrochíde a thabhairt do mhná. 

Tá an coiste ag iarraidh ar an Rialtas chomh maith coinníollacha i bpríosúin na tíre a fheabhsú ar bhonn práinne.

Tá tuilleadh foirne de dhíth sna príosúin agus ní mór athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras cúraim sláinte sna príosúin freisin, dar leis an gcoiste.