Tá an PSNI ag fiosrú an raibh baint ag paramíleataigh le fuadach fir 22 bliain d'aois sa Srath Bán i gCo Thír Eoghain aréir.

Cuireadh iallach ar an bhfear dul isteach i veain agus cuireadh cochall timpeall a chinn. Tugadh píosa ó bhaile ina dhiaidh sin é áit ar thug grúpa fear drochbhualadh dó.

Tugadh ar ais go dtí an baile ansin arís é agus caitheadh amach as an veain é.