hOsclaíodh muiríne nua a bhfuil áit ann do 40 bád i mBeanntraí in iarthar Chorcaí inniu.

Tógadh an mhuiríne mar chuid d'infheistíocht €9m atá á déanamh i gcalafort Chorcaí.

Beidh spás sa mhuiríne do bháid mhóra agus táthar ag súil go meallfar tuilleadh tuarasóirí mara chun an cheantair dá bharr.