Dúirt eagraíochtaí do dhaoine gan dídean agus eagraíochtaí leanaí nach nglacann an Rialtas leis go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír.

Léiríonn figiúirí ó Dhaonáireamh 2016 a foilsíodh inné go raibh 765 leanbh - idir naíonáin nuabheirthe agus ghasúir ceithre bliana d'aois - gan dídean sa tír seo.

Mhaígh an gníomhaí aitheanta an tAthair Peter McVerry go mbeidh tuilleadh páistí fós gan dídean an chéad mhí eile agus nach bhfuil ag éirí le straitéis an Rialtais chun tithe a chur ar fáil.

Dúirt Fergus Finlay ón eagraíocht leanaí Barnardos gur mór an náire agus gur údar alltachta an méid páistí atá gan dídean

Ba cheart, a dúirt sé, cuimhneamh ar orduithe ceannaigh éigeantaigh a chur ar thithe folmha.