Tá Cumann Lúthchleas Gael ag tabhairt foláirimh do dhaoine a cheannaigh ticéid ón suíomh idirlín Seatwave don chluiche leathcheannais idir Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain coicís ón Domhnach seo chugainn go bhféadfadh sé nach ligfí isteach iad.

Ceannaíonn lucht an tsuímh seo ticéid agus díolann siad in athuair iad, go minic ar phraghas i bhfad níos airde ná atá dlite orthu.

Tá Cumann Lúthchleas Gael tar éis roinnt de na ticéid don chluiche peile atá le díol ar phraghas ard ar an suíomh a chur ar ceal.

Dúirt stiúrthóir cumarsáide an Chumainn Alan Milton gur cheart don lucht leanúna a bheith ar an eolas faoi seo.