Tá Coimisinéir Sláinte agus Sábháilteachta Bia an Aontais Eorpaigh le cruinniú éigeandála a ghairm d'airí as na tíortha is mó a bhfuil cás na n-uibheacha truaillithe ag cur as dóibh.

Tá teannas idir airí talmhaíochta sa Bheilg, san Ísiltír agus sa Ghearmáin mar gheall ar lorg de nimh feithidí a fuarthas in uibheacha agus tá sé dearbhaithe ag na húdaráis gur comhlacht a dhéanann ábhar glantacháin san Ísiltír ba chúis leis seo.

Dúirt Údaras Sábháilteachta Bia na hÉireann inné go bhfuil roinnt táirgí uibhe tógtha den mhargadh acu ach dúirt siad nár iompórtáladh mórán ach as an Ísiltír agus nach bhfuil mórán contúirte ar shláinte an phobail sa tír seo.