Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan go dteastaíonn uaidh athbhreithniú a dhéanamh ar na dlíthe a bhaineann leis na meáin shóisialta agus díspeagadh cúirte.

Dúirt an Príomh-Bhreitheamh go gcaithfear dul i ngleic le húsáid na meán sin sa chúirt.

Dúirt Susan Denham go bhfuil sí ag scríobh chuig Uachtaráin na gCúirteanna ar fad an tseachtain seo, le dréacht do threoirlínte a chur faoina mbráid.

An Breitheamh Susan Denham

Thug Susan Denham le fios ag seoladh thuarascáil bhliantúil sheirbhís na gcúirteanna, gur údar imní é go bhfuil eolas míchruinn á scaipeadh faoi chásanna cúirte.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Teachta Dála Paul Murphy go bhfuil dlíthe ann cheana féin i dtaobh dhíspeagadh cúirte.

Duirt an tUasal Murphy go raibh an deis ann usáid a bhaint astu sin nuair a bhí sé féin agus comrádaithe leis ar a dtriail i mBaile Átha Cliath ansin roinnt míonna ó shin.

An lucht agóide a raibh príosúnú mídhleathach an iar-Aire Joan Burton i Ráth Miontáin curtha ina leith

"Ach" a dúirt sin, "ní dhearna na húdaráis sin".

Ba le linn na trialach sin a tháinig an chonspóid ar fad faoina meáin shóisialta ag tuairimíocht faoi chásanna cúirte go mór chun solais.