I Londain tá sé deimhnithe ag tuismitheoirí linbh atá ag fáil bháis, go bhfuil siad ag éirí as a gcuid iarrachtaí cúirte an páiste a thabhairt go Meiriceá le cóir leighis a chur air.

11 mí d’aois atá Charlie Gard a bhfuil máchail neamhghnáthach géiniteach air, atá ag lagú a chuid meatán agus ag scrios a inchinne.

Bhí a mhuintir, Connie Yates agus Chris Gard ag iarraidh go bhfaighfeadh sé cóir trialach leighis sna Stáit Aontaithe, cé go raibh an fhoireann leighis in Ospidéal Great Ormond Street i Londain den tuairim gur chóra dínit an bháis a bhronnadh ar an leanbh.

Tugadh le fios san Ardchúirt ar ball beag go raibheadar anois ag tarraingt siar.

Ar maidin d’fhógair muintir an pháiste nach raibh aon cheart ag an Reverend Patrick Mahoney ón Christian Defence Coalition i Meiriceá labhairt leis na meáin agus tabhairt le fios gur ag caint thar ceann na dtuismitheoirí a bhí sé.