Tá an tarraingt déanta do chluichí leathcheannais na hÉireann san iománaíocht.

Imreoidh Gaillimh, curaithe Chúige Laighean, agus Tiobraid Árann, Dé Domhnaigh an 6ú Lúnasa.

Beidh Corcaigh, curaithe na Mumhan, le Port Láirge an tseachtain dár gcionn, an 13ú Lúnasa

Ag 3.30 i.n. a thosóidh an dá choimhlint, an péire i bPáirc an Chrócaigh.