Dúirt iar-Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Pat Cox, go bhfuil géarghá le húdarás polaitiúil a bhunú sa Tuaisceart lena chinntiú go mbeadh leas an Tuaiscirt agus ceisteanna tras-teorann ar bharr liosta tosaíochtaí sna cainteanna.

Tá tús curtha ar maidin leis an dara babhta de chainteanna idrghabhála idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach faoi imeacht na Breataine ón Aontas.

Pat Cox, iar-Uachtarán Choimisiún na hEorpa


Amárach díreofar ar dhá ghné mhóra a bhaineann leis an tír seo - siad sin Comhaontú Aoine an Chéasta agus an Comhlimistéar taistil.

Dúirt Rúnaí Breatimeachta Westminster, David Davis agus príomhidirghabhálaí Choimisiún na hEorpa Michel Barnier go bhfuil sé i gceist acu as seo go ceann 4 lá, dhul chuig croí gach ceiste sa dara babhta seo de chainteanna fá imeacht na Breataine ón Aontas. 

David Davis & Michel Barnier


Tá an éiginnteacht a bhaineann le Brexit mar phríomhthéama ag Scoil Shamhraidh Mhic a' Ghoill sna Gleannta i gCo Dhún na nGall agus deir iar-Uachtarán ar an Choimisiún Eorpach nach bhfuil an folús polaitíochta i dtuaisceart Éireanna ag cuidiú le cás na tíre seo:

" Dúirt Cox go bhfuil gearghá le húdarás polaitiúil a bhunú sa Tuaisceart lena chinntiú go mbeadh leas an Tuaiscirt agus ceisteanna tasteorann le bheith ar bharr an liosta tosaíochtaí sna cainteanna.

Dúirt iar-aire airgeadais anseo go bhfuil níos mó le cailleadh ag an tír seo ó Bhrexit ná atá ag tír ar bith eile seachas an Bhreatain. Dúirt Alan Dukes go mbeidh an próiséas lá de chastachtaí airgeadais agus dlíthiúla.

Alan Dukes


Dúirt an t-iarsheanadóir  agus uachtarán Inistitiúid Ghnóthaí idirnáisiúnta agus Eorpacha, an DR Brendan Halligan nach bhfuil a léithéid de rud ann agus Btrexit maith agus go mbeimid uilig ag fulaingt dá bharr.

An Dr Brendan Halligan


Cuirfear spéis nach beag sa chaint a thabharfaidh Sir Julian King, Coimisinéir Eorpach do Chúrsaí Slándála ag an Scoil Shamhraidh. 

Tá brú breise ar David Davis mar go bhfuil na sceana amuigh i measc bhaill pháirtí na gCoimeádachfá straitéis na Breataine sna cainteanna .

Beidh na cainteanna deacair ó tharla go bhfuil sé ráite go soiléir ag Michel Barnier go gcaithfear a shocrú go luath cén luach airgid a bheas le híoc ag an Bhreatain leis an Bhruiséil leis an Aontas a fhágáil. "Táthar ag faire an chloig", a dúirt sé.

Boris Johnson


Dúirt Boris Johnson  go bhféadfadh an Bhruiséil dul ag feadaíl má shíleann siad go bhfuil an Bhreatain le suim ollmhór airgid a íoc as 'colscaradh'

Tá brú ar David Davis socrú a aimsiú maidir le cearta saoránaigh de chuid an Aontais atá ag cur fúthú sa Bhreatain.