Cosnaíonn teach i gContae na Gaillimhe ós cionn €195,000 ar an meán, de réir figiúirí atá foilsithe inniu san Irish Independent.

Léiríonn an Clár Praghasanna Réadmhaoine, a bhfuil anailís déanta air sa nuachtán, gur tháinig ardú 12.5% ar phraghas tithe i gContae na Gaillimhe idir mí Eanáir agus mí Meitheamh i mbliana.

I gContae Mhaigh Eo, tháinig árdú beagnach 5% ar phraghasanna sa gcéad leath den bhliain, agus cosnóidh sé ós cionn €116,000 ar an té a bhfuil suim acu teach a cheannacht ansin.

Tá ós cionn €230,000 ar theach nua i gContae na Mí, sin ardú ós cionn 6% sa gcéad leath den bhliain i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.