Léiríonn pobalbhreith nua a choimisúnaigh ''Comhghuaillíocht Sláinte Alcóil na hÉireann'' go bhfuil tacaíocht láidir ann do ghníomhaíocht Rialtais ar chuirfeadh srian ar mhargaíocht alcóil a mhealann daoine óga. 

Léiríonn an phobalbhreith a dhein 'Ireland Thinks' go dtacódh an pobal le rialachán níos láidre ar mhargaíocht alcóil ná mar atá molta sa Bhille Sláinte Poiblí. 

Thacaigh 80% dóibh san ar ceistíodh leis an tuairim gur chóir cosc iomlán a chur ar chaiteachas margaíochta alcóil i measc an óige.